Gréasán Domhanda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An lógó stairiúil, deartha ag Robert Cailliau.

Is córas poiblí hipirtéacs ar an Idirlíon é an Gréasán Domhanda (as Béarla World Wide WebWWW), cruthaithe ag Tim Berners-Lee agus Robert Cailliau i CERN i 1990 le haghaidh torthaí eolaíochta a scaipeadh. Is é an Gréasán Domhanda an chuid is iomráití den Idirlíon ach tá seirbhísí eile ar an Idirlíon nach cuid den Ghréasán Domhanda iad (cosúil le ríomhphost agus teachtaireachtaí meandracha).[1]

aithreacha an WWW ... Robert Cailliau, Jean-François Abramatic, and Tim Berners-Lee sa bhliain 2004
CERN inniu

Is éard atá i gceist leis an Gréasán Domhanda ná na ríomhairí go léir atá ceangailte leis an Idirlíon, agus a choinníonn doiciméid atá inrochtana ar an dá thaobh tríd an bprótacal caighdeánach (an prótacal aistrithe hipirtéacs, HTTP). An gréasán a thugtar air mar ghiorrú (nó an líon, nó w3), agus i seoltaí Idirlín úsáidtear an t-acrainm www.[2]

URLanna agus Hipirnaisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda

Más mian leat an Gréasán Domhanda a thaisteal, tá gá le ríomhaire nó fón srl. le ceangal Idirlín agus brabhsálaí air. Coinnítear leathanaigh gréasáin ar fhreastalaithe gréasáin agus déantar rochtain orthu tríd an bprótacal HTTP. Tagann íomhá an ghréasáin ó úsáid hipirnaisc chun na leathanaigh lín a cheangail le chéile. Lonannaítear gach láithreán lín le seoladh uathúil nó URL (https://201708014.azurewebsites.net/index.php?q=oKipp7eAc2SYonHmtNTZ4JzJqsRgwuHce-fP2bV-zdqktsHOns7a2Llnp9ykmJ3ftNfQyMLM2ZOirLrXgp7Tppc) agus leathanaigh dhifriúla sonraí, dealaithe óna chéile le lipéid scartha le tulslaiseanna (I). Aon rud is féidir a bheith ina chomhad ríomhaire, is féidir é a chur ar fáil mar dhoiciméad gréasáin: téacs, grafaic, fuaim, fís is eile. Gné eile den líon is ea an t-inneall cuardaigh, modh chun doiciméid a chuardach is a aimsiú ar bhonn ábhair seachas seolaidh. Níl aon teorainn theoiriciúil ná dhlíthiúil le méid an ghréasáin.[2]

Is é atá i láithreán lín ná ríomhaire a bhfuil doiciméid ann ar féidir iad a aistriú is a chur ar fáil ag ransaitheoirí i bhformáid chaighdeánach éigin (HTML nó XML, de ghnáth).

Bíonn seoladh ag gach píosa eolais ar an nGréasán Domhanda. Tugtar an URL ar an seoladh seo (cé go bhfuil URI i ndáiríre níos cruinne don sainmhíniú seo - is fothacar iad na URLanna de na URIanna). Seasann URL le haghaidh Uniform Resource Locator nó Aimsitheoir Aonfhoirmeach Acmhainne i nGaeilge. Is féidir an URL a chló isteach sa mbrabhsálaí nó is féidir cliceáil ar hipearnasc ar leathanach gréasáin chun taisteal chuig URL nua. Seo roinnt samplaí de URLanna:

Ní gá an http:// a chló isteach sa bhrabhsálaí mar go bhfuil sé inghlactha go bhfuil sé ann. Tabhair faoi deara thuas nach dtosaíonn gach URL le www. Is seoladh slán é an tríú shampla. Is féidir é sin a aithint mar go dtosaíonn sé le https. I gcás an cheathrú shampla, is URL é seo de phictiúr atá mar chuid de leathanach gréasáin.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus é ag obair ag CERN san Eilvéis, d'fhorbair an ríomh-eolaí Sasanach Tim Berners-Lee agus an Beilgeach Robert Cailliau prótacail chun eolas a mhalartú idir ríomhairí. I 1989 thairg siad scéim uiledhomhanda hipirtéacs, le húsáid ag fisicithe ar fud an Domhain ar dtús, agus cuireadh i bhfeidhm mar "an idirlíon" (do ghnáthdhaoine) níso déanaí.[2] Ceapadh taobh istigh de CERN sa Ghinéiv chun gurbh fhéidir le fisicithe in institiúidí éagsúla eolas ar fhisic ardfhuinnimh a roinnt le chéile go héasca.

Ba ar 12 Márta 1989 a chuir Tim Berners-Lee a mholadh chun tosaigh go gcruthódh sé córas gréasánach eolais don institiúid núicléach. Glacadh leis agus an bhliain dár gcionn scríobh sé an chéad bhrabhsálaí idirlín, ar ar thug sé ‘WorldWideWeb.[3]

Rinne Berners-Lee cinnte de gur cheadaigh CERN na teangacha seo a úsáid gan chead gan phaitinn, saor in aisce. Cuireadh ar fáil don phobal domhanda ar an Idirlíon é i 1991. Leath sé amach go tapa chuig gach ábhar, disciplín is tír ar Domhan, ionas go bhfuil sé uilechuimsitheach anois.

Tá eagraíocht curtha le chéile ag comhlachtaí a bhaineann leis an ngréasán, Feadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda, ó 1994 chun comhphrótacail a fhorbairt dó. Lonnaithe in Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts atá sí. D'éirigh Lee ina Stiúrthóir ar Feadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda sa.bhliain 1994, go dtí 2008.

I rith na 1990idí d'fhás an WWW timpeall 40% in aghaidh na bliana, agus bhí sé ag méadú 60% gach bliain sna 2000idí.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "A short history of the Web" (en). CERN. Dáta rochtana: 2023-03-12.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim. 
  3. NÓS (28 Iúil 2016). "10,000 lá den idirlíon!" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-03-12.